GAILEARAÍ

Bíonn Tony ag plé le stíleanna éagsúla agus bíonn cineálacha difriúla péinte in úsáid aige – ola, aicrileach agus uiscedhathanna ina measc.

title-line

SAMPLAÍ DEARTHA

title-line

Polasaí Teanga

Aithníonn Solas Nua a thábhachtaí is atá sé seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla le freastal go sásuil ar riachtanais na gcustaiméirí go léir.

title-line

Cuirfidh Solas Nua go leor acmhainní ar fáil le
beartas teanga a fheidhmiú d’fhonn seirbhísí
a sheachadadh sa dá theanga oifigiúil.

Leis an rún seo tacaíonn Páirtithe an Ghnó le hiarrachtaí
le seachadadh seirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí
na heagraíochta a fheidhmiú sa dá theanga oifigiúla. 

Seirbhísí

  • Dearadh
  • Margaíocht
  • Fógraíocht
Teagmháil

Faoin Solas Nua

title-line

tabhairt isteach beag

Is ina stiúideo i mBéal Feirste a dhéanann Tony a chuid obair ealaíne. Bíonn sé ag díriú ar an phéintéireacht agus is olaphéint agus péint aicrileach is mó a bhíonn in úsáid aige. Tá an dara sleá aige fosta, mar atá an dearadh grafach. Is leis an cheird sin a chaith sé formhór a shaol oibre mar ealaíontóir tráchtála agus bíonn na seirbhísí seo go fóill á cur ar fáil aige dá chliaint.

Réamhrá Gearr

Bhunaigh Pauline agus Tony Bell Solas Nua i mí Mheithimh 2006. Tá obair déanta acu ar son cuid mhór cliant ar bhonn dátheangach san earnáil phobail agus san earnáil phríobháideach araon. Cuireann siad a gcuid scileanna margaíochta, cumarsáide agus deartha le chéile le seirbhísí sna réimsí seo ar fad a sholáthar ar bhonn uile-Éireann.